Trí Téad
Arsa an Fhlaith Uasal, “Fós, fós fíorscoith na fírinne a fhuagróidh mé, An t-Eolas an eolais ar deireadh thiar a deirim, Ag Saoi is ag…
Trí Téad
- Arsa an Fhlaith Uasal, “Fós, fós fíorscoith na fírinne a fhuagróchaidh mé, Eolas an eolais ar deireadh thiar a deirim, Ag Saoi is ag Draoi agus iad go críochnúil tar éis, An uile Ollúna ar na hailt ina dhiaidh na tuigbhéala.
- “Ag gabháil i muinín ar an Eolas seo daofa, Aithníonn siad mise mar a n-aithne féin. Cha mbeireann siad ag bunús na cruinne Agus cha mbíonn siad ar crith ag broinne an bhrátha.
- “Is é an Briathar Mór an bhroinn liomsa agus isteach inti a chuireas mé mo ghin. Éiríonn achan dúil bheo aisti, Fotha an iomláin atá inti, a phlúr
- “I mbroinnte uilig, a mhic, Éiríonn gach cuma is gach cló, gach samhail is gach scáth Amach as Broinn an Bhriathair Mhóir, Agus mise i m’Athair ag cur an síol
- “An Téad Shoiléir, An Téad Dhearg, An Téad Dhubh amhlaidh. Trí Téad beirthe don Dúlra, a stócaigh, Ceanglaíonn siad an t-Anam síoraí Isteach insa cholainn sealadach
- “As ceachtar acu atá an Téad Shoiléir, Gan smál, gan ghalar is ag taitneamh i dtólamh, Ceanglaíonn sí le dúil insa sonas, le dúil insan aoibhneas, Agus le dúil insan eolas, a pháiste gan pheaca.
- “Bíonn an Téad Dhearg i gcónaí faoi mhian, Ag éirí as an tart, as an t-ocras, as na dúile ag damhsa, Ceanglaíonn sí go dian an t-Anam le dúil insa gríomh le dúil insa tsaint is na rudaí chúramacha uilig
- “Agus bí a fhios agat a stór, Éiríonn an Téad Dhubh amach as an aineolas, Agus mearíos sí achan dúil bheo leis an Dearmad, leis an tsámhantacht, le néal codlata, is le fonn fuar falsa.
- “Beireann an Téad Shoiléir orainn i ndol sonais, Beireann an Téad Dhearg orainn i ndol na méine, Agus le dúil insa droch-chiall is an Téad Dhubh ag mearú an eolais.
- “Éiríonn an Téad Shoiléir nuair a bheireann sí buaigh ar Dhearg is Dhubh. Ag éirí don Dearg nuair a bheireann sí buaigh ar Dhubh is an Soiléir, Agus éiríonn an Téad Dhubh nuair a bheireann sí buaigh ar an Dhearg is Soiléir.
- “Nuair a tchí tú solas ag dóirteadh amach as achan doras na colainne, Cuireann sé in iúl duit go bhfuil an Téad Shoiléir i gceannas.
- “Nuair a tchí tú saint, an t-iomlua, agus feidhm mhór ar ghníomhartha, An imní is an t-éad, Cuireann sé in iúl duit go héiríonn an Téad Dhearg i gceannas.
- “Nuair a tchí tú dorchadas, an lagsaine, Fonn na faille agus an mheisce, Cuireann sé in iúl duit go rug an Téad Dhubh an Báire.
- “Nuair a imíonn Duine ar shlí na fírinne Agus an Téad Shoiléir i gceannas air, Gheobhaidh an Duine sin saol eile amach gan smál, Saol na bhflaitheas i lán eolais ag taitneamh.
- “Má tá an Téad Dhearg ag éirí agus Duine ag imeacht ar shlí na fírinne, Tiocfaidh an Duine sin ar ais chun tSaoil, agus béarfar i measc lucht na dúile Iad ag iarraidh is iad ag dréim ar a gcéile. Dá mba an Téad Dhubh, ag teacht ar ais as broinn aineolais don Duine sin.
- “Deir siad go bhfuil Toradh na Téide Soiléirthe Ina ghníomhartha glana críochnúla, Ach Toradh na Téide Deirge ina dhonas is ina bhroid, Agus Toradh na Téide Duibhe ina aineolas ar fad.
- “Beirtear an t-Eolas ón Téad Shoiléir Agus an saint ón Téad Dhearg, Ón Téad Dhubh a bheirtear an dearmad is an t-áilseadh, mí-aird agus sleamchúis, An siabhrán, an dalbhadh, agus an uile aineolas.
- “Ag éirí amach don Duine forasta leis an Téad Shoiléir, Ag snámh in sheasamh don Duine socraithe leis an Téad Dhearg, Ag socrú síos is arís níos ísle don Duine gaibhte leis an Tead Dhubh.
- “Nuair a tchí an Draoi achan gníomh déanta leis an Dúlra, agus chan ach an Dúlra ag déaneamh ghnímh, gurbh airde an tuigbhéal sin ná an Dúlra féin, agus éiríonn an Draoi sin le mo Bhealach féin.
- Ag gabháil thar an Dúlra do Dhuine nó Draoi, Mar is an cholainn bheirtear ón Dúlra amháin, Chaitfhidh siad a bheith fuascailte ón bhreith is ón bhás, Ón leatrom na haoise is ón dhonas; Mar is amhlaidh go bhfuil Sú an Eolais ólta tar éis.”
- Arsa an Fear Geal, “Caidé an lorg atá ar Dhuine a bhfuil imithe thar ná Téada fá thrí? Cá bhfuil domh an Duine sin a aithint? Cén cineál an iompair atá faoi? Cá bhfuil mar a rachadh sé leis thar an Dúlra?”
- Arsa an Fhlaith Uasal, “Gan mídhúil gan mhian roimh easbhaí ná eachtra solais, Gan dochma gan dúil roimh easbhaí ná eachtra grinn, Gan ghráin is gan ghrá roimh easbhaí ná eachtra aineolais. An dtuigeann tú a mhic?
- “Tá siad ina suí insa tsolas orthu féin, is cha chuireas an Dúlra isteach orthu ar bith, ‘Chan fhuil ann ach Trí Téad ag casadh’ a bhíos siad ag smaointeamh, ina seaseamh go daingean gan luascán gan chrith.
- “Sona, dona, is cuma leofa, féinrialaitheach iad! Is ionann brat móna agus clochán agus ór na cruinne daofa, Meá carad ar mheá namhad ina gcothrom, diongbháilte iad. Is ionann moladh agus milleán daofa, réchúiseach.
- “Is ionann clú is cáineach daofa, Is ionann díograis agus díbeartach daofa, Ag diúltú d’achan coraíocht agus gabháil de láimh, Ag gabháil thar na Trí Téad, fuascailte on Dúlra, deirtear.
- “Agus cibé Duine a bheith faoi mo réir, Mar chéile caoindúthrachta gan chlaonadh, Agus iad ag gabháil thar na Trí Téad, Bíonn siad ullamh a bheith gaibhte insa Bhriathar leo.
- “Mar is Fonn an Bhriathair mé féin, Foras na fírinní suaithe mé, Bunús na déithe buana mé, marthanach, Agus Cloch Bhoinn an dearbhshonais iomlán mé, dochaite.
메타데이터
- post_id
- 0ce3a252a2d2
- slug
- trí-téad-0ce3a252a2d2
- url
- https://medium.com/@cuchathasaigh/tr%C3%AD-t%C3%A9ad-0ce3a252a2d2
- canonical_url
- https://medium.com/@cuchathasaigh/tr%C3%AD-t%C3%A9ad-0ce3a252a2d2
- author_url
- https://medium.com/@cuchathasaigh
- status
- ok
- fetched_at
- 2026-07-20 18:25:50