Feartlaoi Pheadair Uí Dhoirnín
le hArt Mac Cumhaigh
Feartlaoi Pheadair Uí Dhoirnín
le hArt Mac Cumhaigh
Ar Mhullach an Átha Buí ‘mo luí teacht ghairm na gcuach, ‘Sé chonaic mé naoi mná caoimh ag fras-ghol dá ngruaidh; Parnassus na dtrí sruth íce tirim go bruach, ‘S ar Chnoc na mBan Sí gur éirigh tuirse agus gruaim.
Bhí Apollo ‘na luí gan bhrí, gan mhisnigh, gan stuaim, Minerva ag caoi, ‘s a croí ‘stigh ‘bascarnaigh suas, Eolus le fíoch ag síobadh Neiptiún ón chuan, Is mac Manair nár mhian leis sians a sheinm nó duan.
Chuir Lúna agus Phéabus éiclips orthu tré dhlúimh, Mars agus Vénus ar teitheadh le Mercury suas, Sathurn ag méadú léin ar chinniúint an tsluaigh, Agus Júpiter céillí ag réabadh an fhlaithis anuas.
Clann an Daghdha is Orphéus, thréig siad cruit agus duan, Is d’imigh gach réalt faoin spéir ón Arctic anuas, An Zódiac go léir ag séideadh doineann is fuacht, ‘S do ghoil na Néiriads ar thaobh na toinne le gruaim.
Bhí Ovid i gcéin chun véarsaí snoite ‘chur uaidh, Agus Horas na dtéad ag méadú eagna gach uair, Virgil na nGael ó thaobh na Gearmáine anuas, Agus Hómer na Gréige, fear déanta startha gan duais.
Níorbh ‘fhada ‘na dhiaidh sin gur éirigh chugam ar chuairt Diana ón Ghréig, ‘s a péarlaí daite gan snua, D’fhiafraíos den néamhainn mhéarlag mhilis na mbua Cé acu de shíol Éabha fár réab sí a bosa chomh cruaidh
D’fhreagair domh an ghéag mar thaoscadh toinne le cuan, Dá dhearbhú domh féin gan bhréig, gan mhagadh, gan chluain, Go rabh Oracle Gael ag éag in aice an taobh thuaidh - Ó Doirnín na Séad, fuair léagsa ar chiste na ndrua.
Mo dhalta, mo spré, mo shaorchlann cogair gach uair, ‘S le bealach gan chéill nach ndéanfadh caidreamh le stuaim, Ach dá dteagmhódh dó féin fear céillí carthanach suairc, Do sceithfeadh go léir sruth glégeal Helicon uaidh.
Ní rabh curadh nó réacs ar mhaoileann Theamhrach na ndrua, Nó in Eamhain na n-éacht fár éigníodh teach na Craobh Rua, Nó ruathar thug Méabh do laochra Uladh na slua, Nach dtigeadh ‘na chéill tráth shéideadh an bheathuisce suas.
‘Sí Banba féin an mheirdreach mhí-náireach gach uair, A scar le gach céile dar cheangail di cumann gan chluain, Ó Pharthalan na mbéimeanna go ré clainne Chearmada anuas, ‘S gach flaith de shliocht Gael dár ghléas ón Easpáinne ar cuan.
Míle, seacht gcéad, seasca is ocht mbliana anuas, Trí mhí ina dhiaidh sin, aois Mhic Mhuire san uaigh, Ar an chúigiú lá séimh de laethibh an Aibreáin gan chluain, Chuaigh Ó Doirnín i gcré, fear déanta laoi agus duan.
(Tá an Dán seo i bhfad as cló . Chuir mé litriú leasaithe air.)
메타데이터
- post_id
- 52ef0ff0bcba
- slug
- feartlaoi-pheadair-uí-dhoirnín-52ef0ff0bcba
- url
- https://medium.com/@cuchathasaigh/feartlaoi-pheadair-u%C3%AD-dhoirn%C3%ADn-52ef0ff0bcba
- canonical_url
- https://medium.com/@cuchathasaigh/feartlaoi-pheadair-u%C3%AD-dhoirn%C3%ADn-52ef0ff0bcba
- author_url
- https://medium.com/@cuchathasaigh
- status
- ok
- fetched_at
- 2026-07-21 02:26:05